| |
| |
Tommaso Buscetta - Vicipéid |
 | | Coirpeoir ab ea é Tommaso Buscetta (13 Iúil, 1928 - 4 Aibreán, 2000) a bhí ina bhall de Mhafia, go dtí gur bhuail aithreachas é, agus é sásta iompú ina ollbhrathadóir nó pentito. |
 | | An fhianaise a thug Buscetta uaidh, chuidigh sí go mór mór leis na céadta de choirpeoirí a chur i bpríosún i lár na n-ochtóidí san Iodáil chomh maith leis na Stáit Aontaithe, Gaetano Badalamenti ina measc siúd. |
 | | In éiric na cabhrach seo, díolmhaíodh Buscetta féin ó phionós a chuid coireanna, agus ceadaíodh dó, mar chuid de scéim chosanta na bhfinnéithe, dul go dtí na Stáit Aontaithe, ainm bréige a ghlacadh air agus a raibh fágtha dá shaol a chaitheamh thall ansin. |
| ga.wikipedia.org /wiki/Tommaso_Buscetta (770 words) |
|